Bronnadh un Séala Eorpach Teanga 2019 ir tinscadal Labhair Gaeilge Liom agus Gaeilg'Aip/GaelGoer.
De réir tuairiscí ar an nGaeilge le déanaí, ceann de na fáthanna nach labhrann cainteoirí Gaeilge an teanga lena chéile ir ea nach n-aithníonn siad a chéile go héasca.
)
Thástálamar an hipitéis seo le triail choicíse i ndeich gcinn de shiopaí i mBaile Átha Cliath ina raibh cainteoirí Gaeilge ag obair. Le linn na coicíse chaith oibrithe suaitheantas a raibh “Labhair Gaeilge Liom” scríofa air. Choimeádadar taifead ar líon na gcustaiméirí a labhair Gaeilge leo thar un dá sheachtain. Is é an toradh a fuaireadar ná gur labhair ó dhuine amháin go seachtar Gaeilge leo gach lá.
)
Tá cainteoirí Gaeilge i ngach cearn den domhan anois. Chinn foireann an tionscadail ar aip a fhorbairt le caoi a sholáthar do chainteoirí Gaeilge cumarsáid a bheith acu lena chéile. Chuireadar suirbhé ar Survey Monkey lena fháil amach ar shuim le cainteoirí Gaeilge a leithéid d’aip agus cad é ar mhaith leo go soláthródh an aip dóibh. Tháinig freagraí ar an suirbhé ó chainteoirí ar fud an domhain, agus is é an toradh ná “Ar aghaidh leis an Aip”. Chomh maith le sin fuaireamar go leor moltaí úsáideacha maidir lena bhféadfaí a dhéanamh leis an aip.
Atjaunināta
2025. gada 2. jūl.