Bronnadh සහ Séala Eorpach Teanga 2019 ar tinscadal Labhair Gaeilge Liom agus Gaeilg'Aip/GaelGoer.
De réir tuairiscí ar an nGaeilge le déanaí, ceann de na fáthanna nach labhrann caainteoirí Gaeilge an teanga lena chéile is ea nach n-aithníonn siad a chéile go héasca. ; Thástálamar an hipitéis seo le triail choicíse i ndeich gcinn de shiopai i mBaile Átha Cliath ina raibh caainteoirí Gaeilge ag obair. Le linn na coicíse chaith oibrithe suaitheantas a raibh 'Labhair Gaeilge Liom' scríofa air. Choimeádadar taifead ar líon na gcustaiméirí a labhair Gaeilge leo thar an dá sheachtain. Is é an toradh a fuaireadar ná gur labhair ó dhuine amháin go seachtar Gaeilge leo gach lá. ; Tá caainteoirí Gaeilge i ngach Cearn den domhan anois. Chinn foireann an tionscadail ar aip a fhorbairt le caoi a sholáthar do chaainteoirí Gaeilge cumarsáid a bheith acu lena chéile. Chuireadar suirbhé ar Survey Monkey lena fháil amach ar shuim le cainteoirí Gaeilge a leithéid d'aip agus cad é ar mhaith leo go soláthródh an aip doibh. Tháinig freagraí ar an suirbhé ó chaainteoirí ar fud an domhain, agus is an toradh ná 'Ar aghaidh leis an Aip'. Chomh maith le sin fuaireamar go leor moltaí úsáideacha maidir lena bhféadfaí a dhéanamh leis an aip.